Coláiste de hÍde


Go to content

Nuachtlitir Samhain 2010

Nuacht Scoile > Cartlann/Archive 2010

Nuachtlitir Samhain '10.

Fograí (Notices)


" Beidh Cruinniú Tuismitheoirí ar an Déardaoin 10/12/'10 do bhliain 2 & 4. Beidh na cruinnithe dos na blianta eile i mí Eanáir 2010.
A Parent-Teacher meeting for 2nd & 4th years will be held on Thursday 10/12/'10. The meetings for the other years are in January 2010.
" Beidh an Taithí Oibre Dheonach don idirbhliain ar siúl ón 22ú-26ú Samhain
" Voluntary Work Experience for transition year will take place from the 22nd -26th Nov.

Na Cóid Scoile

Táimid ag lorg comhoibriú na dtuistí maidir le cúpla riail scoile.
" Ba chóir smidiú a chaitheamh a luíonn isteach le nadúr foirméalta na scoile.
" Caithfear bróga dubha a chaitheamh i gcónaí ar scoil (ní cheadaítear reathadóirí)
" Níl cead éide spóirt a chaitheamh ach amháin ar laethanata a bhfuil spóirt ar an gclár ama. Caithfear culaith spóirt dubhgorm, t-léine dearg leis an suaitheantas scoile, a chaitheamh.
" Tá cosc iomlán ar ghuma coganta sa scoil.
" Cuirtear téacsanna gréasáin amach maidir le asláithaireachas, bheadh muid buíoch iad seo a fhreagairt.
We would appreciate the cooperation of parents regarding the following school code;
" Make-up should be kept to a minimum
" Formal black shoes must be worn (not black runners)
" Navy tracksuit bottoms and the red school t-shirt with crest must be worn on sports day. (Sports wear applies only to the day on which sport is timetabled)
" Chewing gum is prohibited as it ruins school property.
" Web texts are sent regarding absences, we would appreciate replies.


Díospóireacht

Comhghairdeas le foireann díospóireachta na scoile: Rosie Allemby, Leanne Ní Shléibhín agus Alana Nic Aodhbhroin, a ghlac páirt sa chéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn le déanaí. Phléadar an rún tráthúil 'Tá déagóirí na linne seo ina sclábhaithe ag an idirlíon!' le foirne ó Choláiste Raithín, Bré, Co. Chill Mhantáin agus Iarbhunscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara. Bhí ard-chaighdéan sa díospóireacht ó gach foireann, go háirithe i gcás Iarbhunscoil Mhá Nuad, a rinne bréagnú fiachmar ar pointí ár bhfoirne. Ach d'fhreagair ár gcailíni an t-ionsaí agus d'eirigh leo a mbréagnú féin a dhéanamh ar a gcéilí comhraic. 'Sé an comhoibrú foirne CdH a chuaigh go mór i bhfeidhm ar na moltóirí. Tar éis an taithí a fuair an fhoireann le linn an bhabhta seo, níl aon amhras ach go mbeidh siad níos fearr fós an chéad uair eile.
There standard of debating was very high. Maynooth Secondary School were particularly impressive and made a fierce rebuttal of the points made by CdH. However, the Coláiste de hÍde girls showed they were up to the task and counter-attacked with their own rebuttals. The teamwork dispalyed by CdH was what most impressed the juges. With one succcessful debate under their belts, the debating team is certain to put in an even better performance in the next round.

Spórt (Torthaí/Results)
Buachaillí Faoi 16 Iomáint/under 16 Hurling
" Coláiste de hÍde 3:9 Naomh Sheosaimh Rush 0:5
Cispheil/Basketball Girls fé 15

" Coláiste de hÍde 48 Pobalscoil Setanta 10

" Coláiste de hÍde 26 Loreto Bhaile Bhrigín 28

" Coláiste de hÍde 24 Pobalscoil Leamhcán 21

Peil Faoí 14

" Coláiste de hÍde 2:9 St. Marks 2:7.
" Coláiste de hÍde 0:2 St. Michael's 0:3



Ceol
Tá na daltaí ceoil an-ghnóthach ag an am seo den bhliain. I láthair na huaire, tá banna ceoil na scoile ag cleachtadh don dhá ócáid ceoil; Scléip & an Fleadh Cheoil sa Cheoláras Náisiúnta. I mbliana feicimid ceoltóirí le cúlra i gceol traidisiúnta, snagcheol, rac agus clasaiceach teacht le chéile ag glacadh páirt sa bhanna. Tá súil againn go n-eireoidh go breá leo. Tá na daltaí ceoil ó bhliain a cúig ag eagrú píosa breise don Fhleadh freisin; a leagan féin ar 'Don't Stop' le Fleetwood Mac. Beidh siad ag dul go trialacha ar an 11 Nollaig ar son na scoile chun áit a fháil. Go néirí leo!
Beidh daltaí ceoil ón Idirbhliain ag canadh le Daidí na Nollag in Ospidéal Thamhlachta ar an 14 Nollaig agus beidh said ag tabhairt amach bronntanais do na paistí atá ann. Is ócáid deas, tábhachtach, speisíalta é an ócáid seo i gcónaí agus baineann na daltaí scoile an-taitneamh as.
Comhghairdeas le Liza Ní Chaolaí mar d'éirigh léi dul tríd go babhta a dó sa chomórtas 'Tallaght's Got Talent'!

The music department has been quite busy recently. At present, preparations are underway for the annual 'Scléip' competition and the V.E.C. Music Festival that takes place in the National Concert Hall. This year sees a coming together of all types of music from traditional to rock and classical to jazz. A group from 5th year are putting their own stamp on 'Don't Stop' by Fleetwood Mac. Auditions will take place on 11th Dec and we wish them them good luck!
The Transition Year students will be singing in the Children's Wards of Tallaght hospital on the 14th Dec. Every year a group of students from fourth year visit the sick children in hospital and leave everybody smiling. This is a very important and special event on the school calendar.
Congratulations are in order for Liza Ní Chaolaí who succeeded in progressing to round 2 off 'Tallaght's Got Talent'!


AN GHAIRDÍN 2010

Thosaigh daltaí na hidirbhliana Gairdin Choláiste de hÍde Meán Fómhar 2009. Bhí an-chuid ullmhúchain le déanamh cosuil le an fód a bhaint, claí adhmaid a thógáil agus ithir barr a chuir síos chun trí leaba leisciúil a chuir ar fáil. Thóg sé bliain scoile iomlán le cabhair ó mhuinteoirí Deiric, Ciaran agus Cathal.

Thosaigh céim a dó do thionscnamh an Ghairdín Meán Fómhair 2010 i mbliana. Tar éis na fialaí a bhaint chuir daltaí na hidirbhliana glasraí mar shampla leitís, Raidisí, Oinniún Earraigh, Garlóg Cabáiste. Beidh siad ag coimeád súil ar fás na nglasraí go dtí an Nollaig.

The Coláiste de hÍde garden project started in September 2009. The Transition Years of that year organised and set up the garden with three Lazy Beds, wicket fence and top soil. Phase two of the project started September 2010. The current Transition Years have cleaned up the garden and planted Spring Onions, Radishes, Lettuce, Garlic and Cabbage.


Comhghairdeas

Comhghairdeas le Gearóid Ó Riain ó bhliain a cúig a tháinig sa dara háoit sa chomórtas chosdornála sa phortaingéil le deanaí. D'éirigh le Gearóid Bonn airgid a fháíl. Is iontach an éacht é seo!
Congratulations to Gearóid Ó Riain 5th year that came in second place in the WKC world championship. Gearóid received a silver medal for his great achievement. Well done!



Back to content | Back to main menu