Coláiste de hÍde


Go to content

Nuachtlitir Nollaig 2010

Nuachtlitir/ Latest News > Cartlann/Archive 2010

Nuachtlitir Nollaig '10


Seo an Nuachtlitir deireanach roimh Shaoire na Nollag, mar sin, ba mhaith liom an deis seo a thapú Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí oraibh ar fad. Ba mhaith liom leis mo bhuíochas pearsanta a ghabháil libh as an tacaíocht ar fad a thug sibh dúinn ó tháinig muid ar ais i ndiaidh saoire an tSamhraidh. Ba mhór an cúnamh é agus is cinnte go bhfuilimid ar fad an-bhuíoch daoibh.

This is the last Newsletter before the holidays and I would like to take this opportunity to wish you all a Happy Christmas and a Happy New Year. I would also like to personally thank you all for the support you have given us since returning after the Summer Holidays. It has helped to make a great success of our first term of the school year. I hope you all enjoy the Christmas holidays.

Fograí.(Notices)

" Beidh Ceolchoirm na Nollag ar siúl sa scoil ar an Déardaoin 23/12/10. Tá na daltaí ag déanamh go leor ullmhúcháin chuige seo.
The Christmas Show is taking place in the school on Thursday 23/12/10. The students are putting a lot of work into it so we are looking forward to it!

" Beidh Scrúdaithe na Nollag ar siúl ón 17ú go 22ú do bhliain a 1, 2, 4 agus 5.
Christmas exams for 1st, 2nd, 4 th and 5th years will commence Fri 17th till 22st.
" Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 Déardaoin 23/12/10 na seachtaine seo do shaoire na nollag agus beidh sí ag athoscailt ar an luan 10/1/'11.

The school will be closing this Thursday 23/12/10 for the Christmas Holidays at 12.00 and will reopen on Monday 10/1/'11.

" Beidh cruinniú foirne ar siúl ar an Máirt 11/1/'11. Beidh na daltaí ag dul abhaile ag 12.15
" A staff meeting will be held on Tuesday 11/1/'11. The students will finish school at 12.15.
" Beidh cruinniú Tuistí/Múinteoirí do bhl. 3 & 6 ar an 17/1/11 agus cruinniú do bhl. 1 & 5 ar an 27/1/11. Parents/Teachers meetings: 3rd& 6th Years; 17/1/11, 1st and 5th Years 27/1/11.


An Coiste Glas

Seo mar a leanas an Coiste Glas 2010/2011
Bl 1 = Jessica Ní Fhaodh, Caoimhe Ní Mhaoldomhaigh Bl 2 = Aoife Carton, Mícheál Mac Ráinne, Bl 3 = Niamh Ní Ghadhra, Sionnan Ní Gheargái, Bl 4 = Mícheál Ó Cinsealaigh, Dónal de Chorbhaile, Ciara Ní Riain, Ashleigh Ní Ghruagain, Ciarán Ó Meachair, Bl 5 = Adam ó Dúalaín, Lisa Ní Leathlobhair. Múinteoirí : Deiric Mac An Bhaird (Príomhoide Tánaisteach), Feargal Ó Giolláin (Príomhoide), Marian Bhreathnach (Muinteoir Ealaíne) , Ciarán Ó Brian (Múinteoir Bitheolaíochta), Cathal Mac Tiarnáin (Múinteoir Adhmadóireachta), Rúnaí - Pádraigín Uí Eideáin, Feighlí - Pádraig Ó Faircheallaigh, Tuismitheoirí : Chlár Ní Mhurchú, Gearóid ó Conran
Above is the College "Green School Committee" 2010/2011.

Ár mbuíochas

Tá comhghairdeas mór mar aon lenár mbuíochas ag dul do na Coistí difriúla i gColáiste de hÍde.Táimid fíorbhuíoch do Choiste na gCinniri, Coiste na nDaltaí, An Coiste Glas, Na Caipteáin Ranga a dhéanann an méid sin oibre a chuireann go mór le hatmaisféar agus ardchaighdeán an Choláiste.
The staff of Coláiste de hÍde is very thankful to our students on the Prefect Committee, the Student Council, the Class Captains and the Green School Committee who work so hard to improve the atmosphere and standards of our College.

Comhghairdeas

Tá comhghairdeas mór ag dul go Saoirse ní Dhubhshláine agus Áine Polóc ó bhliain 2. Ghlac Saoirse páirt sa bhailé 'The Nutcracker' leis an Irish National Youth Ballet Co. an mhí seo in amharclann O'Reilly agus sa Pavillion. Tháinig Áine sa dara is tríú áit i gcomórtas rince Gaelach i L.A. Meiriceá le déanaí. Is iontach an t-éacht é seo!
Congratulations to 2nd year students Saoirse ní Dhubhshláine and Áine Polóc. Saoirse participated in the ballet 'The Nutcracker' with the Irish National Youth Ballet in the O'Reilly Theatre and the Pavillion. Áine won second and third place in a major Irish dance competition in L.A., America. Well done to both of them!

Canadh san Ospidéal

Bhí daltaí bliain 4 agus 5 ag canadh an chéadaoin seo chaite in Ospidéal Thamhlachta. Bhí aoi speisialta ann ar an lá Rós Thrá Lí Clare Kamembattu. Ba mhaith linn buíochas a ghabhail leis an múinteoir ceoil Daithí Ó Drisceoil a rinne a lán cleachtadh linn agus a bhí ag canadh is ag seinnt linn ar an lá.
The 4th and 5th year students were singing with Santa last Wednesday in the Children's Wards of Tallaght hospital. Rose of Tralee Clare Kamembattu was a special guest on the day. The students would like to thank the music teacher Daithí Ó Drisceoil for all his hard work and for joining us on the day.

Turas chun na Gearmáine 20ú - 23ú Feabhra 2011

Táimid (35 dalta & 4 mhúinteoir) ag tnúth go mór leis an turas go BERLIN mí Feabhra seo chugainn. Beimid ag bualadh le chéile in aerfort Átha Cliath maidin Dhomhnaigh 20ú Feabhra agus ag eitilt linn go Berlin. Táimid ag cur amchlár chníomhach agus suimiúil le chéile faoi láthair ach an príomh aidhm atá ann ná deis a thabhairt dos na daltaí Gearmáinis a labhairt. Más féidir an fuíollach airgid a íoc chomh luath agus is féidir bheinn buíoch!
We (35 pupils & 4 teachers) are busy planning the school trip to BERLIN, Germany next February. We will meet in Dublin airport on Sunday 20th February for a 4 day trip. The agenda is still in hand but promises to be full and active in one of the most exciting cities in Europe, if not the world! Hopefully the objective of the trip will be achieved, i.e. to give the pupils an opportunity to speak the German language. I would be grateful if the remainder of the costs be paid as soon as possible.


AIMSIR / WEATHER

Mar is eol daoibh bhí droch aimsir again le déanai agus bhí orainn an Colaiste a dhúnadh. Bhí an scoil dúnta ar an 1ú, 2ú agus 3ú Nollaig amháin agus bhí sé ar oscailt an tseachtain iomlán dár gcionn. Chaill a lán daltaí a lán ama agus tá an dualgas orthu an obair a chaill said a fháil agus a dhéanamh.
As we all know we had a severe cold spell recently. The Coláiste was closed on the 1st, 2nd and 3rd of December only. We were open the following week. Many pupils were absent for a full fortnight. I would urge them to make up the work lost by first of all retrieving what they missed and then doing the work and also by doing extra study.



Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh go léir!






Merry Christmas and a happy new year from everyone at Coláiste de hÍde.


Back to content | Back to main menu