Coláiste de hÍde


Go to content

Nuachtlitir Márta/Aibreáin

Nuachtlitir/ Latest News > Nuachtlitir 2011


Nuachtlitir

Márta/Aibreáin '11

Fograí.(Notices)

" Beidh an scoil ag dúnadh ar an Aoine 15/4/'11 do Shaoire na Casca. (Lá iomlán). Athosclóidh an scoil ag an gnáth am ar an Mháirt 3ú Bealtaine. The school will be closing on Friday 15/4/'11 for the Easter Break (Full day). It will re-open Tuesday 3/5/'11.
" Cruinniú Foirne Déardaoin 5ú Bealtaine, daltaí abhaile 12.15. Staff Meeting, Thursday, 5th May, pupils home 12.15.

Rang Éanna: Is Fearr Cara sa Chúirt...

Fuair Rang Éanna deis iontach le déanaí freastail ar chás cúirte sa Chúirt Choiriúil. Is ann a chuala siad mar gheall ar dhúnmharú Stephen Geoghan, agus an té a cúisíodh ina leith, Barry Doyle. Bhain siad an-sult as an deis agus chuir sé go mór lena dtuiscint ar chúrsaí dlí sa tír mar chuid don chúrsa O.S.S.P.
Rang Éanna attended a court case in the Criminal Courts recently. They heard of the murder of Stephen Geoghan and of the accused, Barry Doyle while there. The group thoroughly enjoyed the experience and it added greatly to their understanding of the Law in this country as part of their C.S.P.E. course.

Spórt

Liathróid láimhe Oilimpeach buachaillí agus cailiní faoi 15
Bhí comórtas uile an aoine seo chaite is d'éirigh an-mhaith leo. Tháinig na cailiní sa dara háit is na buachaillí sa chéad áit. Beidh na buachaillí dul ar aghaidh chuig craobh na hÉireann i mí Aibreáin. Well done to both teams!

Sacar Faoí 16

Bhí cluiche sacar ag an bhfoireann buachaillí faoi 16 ar 10 Feabhra a bhuaigh siad 2 - 0. Bhí an-chluiche ag an bhfoireann ar fad. Beidh siad sa chluiche ceathrú ceannais i mí Aibreáin.

The under 16s boys soccer team had a game on February 10 which they won 2 - 0. Jack Ó Cróinín scored the first goal after 20 minutes and they got the second immediately after half-time from a corner taken by Cillian Ó Gadhra. They will now play in the quarter finals in April

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2011

Tharla arís i mbliana go raibh Seachtain na Gaeilge thar cionn againn i gColáiste de hÍde. Bhí imeachtaí Sheachtain na Gaeilge den scoth againn ó Chéilí le bliain a hAon agus dó, Seó Talainne, Comórtas Ealaíne, is Tráth na gceist. D'eagraigh Evelyn agus Deiric céilí mór iontach i halla na scoile i gcomhair bliain a haon agus a dó. Chabhraigh cinnirí bliain 5 agus muinteoirí ar an lá. Bhí Tráth na gCeist uile scoile againn arís i mbliana, eagraithe ag Isabel le cabhair ó bhliain a cúig agus buaite ag foireann ó bhliain a sé; Óisín, Dean, Séamaí Ó Conaill, Nikita agus Éamon.

The events for Seachtain na Gaeilge were a huge success this year. A monster Céilí was enjoyed by first and second years who took part in the set dances on the day. A whole school Table Quiz took place in the Bialann which proved a huge success for the third year in a row.

Bhí comórtas díospóireachta i mbliana ag bliain a dó, eagraithe ag Máire le moltóirí Ciarán agus Séan. Sa deireadh tar éis an-chuid plé roghnaíodh Saoirse, Aoife agus Zoe mar bhuaiteoirí.

The Seachtain na Gaeilge Debate this year was well contested and eventually won by the girls from bliain a dó; Saoirse, Aoife agus Zoe

Ag am lóin d'eagraigh Dáithí Ó Drisceoil Ceolchoirmeacha Lóin agus ar feadh cúpla lá bhí ceol álainn Gaelach le cloisteáil ón mblialann seinnte ag Cian Ó Dubhshláine agus Dáithí.

Our music teacher Dáithí Ó Drisceoil ran a couple of lunch time concerts which created a lovely atmosphere in the bialann. Thanks to Cian who performed lovely pieces of music.

Seó Talainne

Ní dhéanfar dearmad ar an tríú eagrán den Seó Talainne Choláiste de hÍde le fada an lá. Eagraithe agus curtha i láthair ag Deiric bhí ard-chaighdeán talainne curtha i láthair os comhair na scoile. Ghlac ceithre acht déag páirt ann. Comhghairdeas do chách idir daltaí agus múinteoirí a ghlac páirt ann. Rinne na moltóirí Evelyn, Daithí Ó Murchú, Isabel agus Daithí Ó Drisceoil breithiúnas ar gach taispeántas agus roghnaigh said na buaiteoirí ag an deireadh.
Bhain an lucht féachana an-sult as an seó i halla na scoile. Sa tríú háit tháinig an ceoltóir Cian Ó Dubhshláine, sa dara áit bhí an grúpa amhránaithe agus ceoltóirí "Milis" Aoife Nic Ártáin, Rosie Allenby agus Saoirse Ní Dhubhshláine agus na buatóirí 2011 ná beirt dheartháireacha Caoimhín agus Bobby Ó Caoláí ó bhliain a sé agus ó bhliain a haon.
Coláiste de hÍde presented its third Talent show during Seachtain na Gaeilge 2011. Organised and presented by Deiric, the show displayed a taste of the great variety of musical and singing talent on offer in the school. Congratulations to the 14 acts including students and teachers who participated. Well done to the "very strict" judging panel of Daithí, Evlyn and Daithí and Isabel who commented on each act and chose the eventual winner.

The audience really enjoyed a great show and fully agreed with the judges who selected ceoltóir Cian Ó Dubhshláine, in third place, grúpa amhránaithe agus ceoltóirí "Milis" Aoife Ní Chartáin, Rosie Allenby agus Saoirse Ní Dhubhshláine in second place and the winners 2011 brothers and singers Caoimhín agus Bobby Ó Caoláí from sixth and first year.
Bhuaigh Rosie Allenby bliain a dó agus Séamaí Mac Biataigh bliain a sé Gaeilgeoir na seachtaine 2011.
Míle buíochas do Fheargal don tacaíocht, do ghach duine a ghlac páirt agus a chabhraigh le linn na coicíse ach go háirithe do na múinteoirí uilig, Pat an feighlí, Sinéad ár gCúntóir Riachtanas Speisialta agus Pádraigín ár rúnaí . Bhain an scoil ar fad an-sult as agus táthar ag súil le Seachtain na Gaeilge 2012 cheana féin.

Fiontar

D'fhreastal daltaí na scoile ar chomórtas Bord Fiontar Chontae Bhaile Átha Cliath Theas ar an 4ú Márta san Institiúid Teicneolaíochta Tamhlacht.
Bhí dhá ghrúpa ag an scoil sa chomórtas. Bhuaigh Riain, Evan, Pól , Seán agus Lúc (1N) duais ina roinn don taispéantas is fearr agus d'éirigh le Dylan & Cian duais a fháil ar thionscadal nuálach. Bhí an bua ag Conchuir ó Faolain & Cristoir Grant in a roinn agus beidh siad ag dul ar aghaidh chuig craobh na hÉireann ar an 14ú Aibreáin. Chomh maith leis sin beidh said ag fáil blais ar thaithí Dragons Den roimh an gcraobh. Comhghairdeas mór dóibh.

On the 4th March, Coláiste de hÍde, went to the Institute of Technology Tallaght, for the South Dublin Enterprise Students awards. We had two groups in the the competition. The Junior Category won best display, (Riain, Evan, Pól , Seán and Lúc) and in the Intermediate category Dylan & Cian won most innovative. Conchuir ó Faolain & Cristoir Grant won the Senior Category and will represent the South of Dublin in the Finals in Croke Park on the 14th April. They are scheduled to go for a Dragons Den experience in Tallaght I.T on the 6th of April, before the Finals of the Student Enterprise Awards. All students enjoyed the experience and had a great day.

Unser Besuch nach Berlin

Geata Brandenburg

Thaisteal 35 dalta ón scoil go Berlín le déanaí ar thuras den scoth le linn an sosa lárthéarma i bhFeabhra. Is ansin a bhfuair na daltaí atá i mbun Gearmáinise a fhoghlaim deis blas den chultúr a fháil agus ár ndóigh an teanga a chleachtadh. Thugadar cúirt ar Checkpoint Charlie, an Iarsmalann Ghiúdach, an Campa Géibheann 'Sachsenhausen' agus Balla Berlín ina measc. Bhí atmaisféar dearfach den scoth ann agus is cinnte go gcuideodh an taithí go mór leo san ábhar don todhchaí.
A total of 35 students from the school visited Berlin during the February mid-term break. Whilst there, the students who are currently learning German, got an opportunity to experience the culture and practice the language. They visited Checkpoint Charlie, The Jewish Museum, the Sachsenhausen Concentration Camp and naturally The Berlin Wall, but to name a few. There was a positive atmosphere amongst the group and the experience is sure to enrich their experience in the subject for the future.

www.colaistedehide.ie

Tá an suíomh idirlíne scoile nua ar fáil anois ag www.colaistedehide.ie Tá súil againn go gcabhróidh an suíomh seo go mór le daltaí agus tuismitheoirí an eolais is déanaí a fháil amach faoin scoil go rialta. San áireamh ar an suíomh, tá an féilire scoile, cartlann 'An Nuachtlitir', gailirí ghrianghrafanna, eolas faoi imeachtaí eachtrachuraclaim is spórt, agus spól nuachta suas chun dáta. Táimid ag moladh díobh go léir cuairt a thabhairt ar an suíomh agus cuirfimid fáilte roimh aon aischothú (le seoladh chuig tfc@colaistedehide.ie). Anuas ar seo, tá cuntas pearsanta ríomhphost ag gach dalta anois @colaistedehide.ie agus is féidir leo a ríomhphost a aimsiú tríd clár cinn an suíomh nua.
Our new school website has recently been launched at www.colaistedehide.ie. We hope that the site will allow parents and students to access all the latest news and events happening at Coláiste de hÍde. Features of the site include, the school calendar, an archive of all the school's 'Nuachtlitir' editions, a photo gallery, extracurricular and sports pages, plus a weekly updated news reel. We would encourage all parents to visit www.colaistedehide.ie and all feedback is welcome to help us improve the site (suggestions or comments and can be sent to tfc@colaistedehide.ie). In addition, all students now have their own email account @colaistedehide.ie and their inbox is accessible through the website homepage.



Back to content | Back to main menu