Main menu:
Nuachtlitir/ Latest News > Nuachtlitir 2011
Nuachtlitir Eanáir/Feabhra '11
Fograí.(Notices)
" Beidh an scoil ag dúnadh an Aoine seo 18/2/'11 don Sos lár théarma (Lá iomlán). .Osclóidh an scoil arís ar an Luan 28ú Feabhra.
" The school will be closing this Friday 18/2/'11 for mid term break (Full day). . It will re-open Monday 28/2/10
" Tosóidh na bréagscrúdaithe do bhliain 3 agus bliain 6 ar an Luan 28ú Feabhra. Go néirí lena daltaí sna blianta sin.
" The mock exams for 3rd and 6th years will commence on Mon 28th February. The best of luck to all the students involved.
" Turas go Berlin 20ú Feabhra go dtí 23ú. Beidh cruinniú sa scoil ag 7.30 15ú/2
" School trip to Berlin 20th Feb-23rd. Meeting in the school from 7.30 on Tues 15th
Scléip 2011
Ar 7ú lá d'Fheabhra, ghlac go leor daltaí, ó na blianta uilig sa scoil, páirt sa Bhabhta Laighin i gcomórtas Scléip in Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath. Seo comórtas bliaintúil dírithe ar an gceol agus dráma. Tugann Scléip cuireadh do dhaltaí Gaelscoileanna ó ghach cúinne na tíre chun páirt a ghlacadh sna réigiúnacha roimh dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann. Bíonn go leor rannóga sa chomórtas agus bhí daltaí Choláiste de hÍde sna cinn seo a leanas; uirlis aonair agus canadh, taispeántas rac/pop, taispéantas traidisiúnta agus dráma.
Is mór an trua é nár éirigh leis an scoil dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Bhí lá iontach ag gach duine a bhí ann, idir cheoltóirí agus leantóirí. Ba thaithí iontach é do ghach duine a ghlac páirt is beimid réidh don Scléip 2011!!
Míle buíochas ó Dhaithí Ó Drisceoil & Jack do chách a bhí sa chomórtas. Tá moladh ard tuillte ag a n-iarrachtaí ar fad. An chéad rud eile ar an bhféilire ceoil ná an Fhéile Cheoil VEC a bheidh sa Cheoláras Náisiúnta an mhí seo chugainn.
An Sionagóg
Chuaigh grúpa daltaí ó bhliain 5 ar chuairt ag an Sionagóg Giúdach ar an 3ú Feabhra. Thug an treoraí Alwyn tim peall an Synagogue iad is d'inis sé stair is cultúr na háite dhóibh. Ba bhealach iontach é le foglaim faoin áit.
On Thursday the 3rd of February, the fifth year students went on a field trip to the Jewish Synagogue in Terenure. They were met by the cantor of the synagogue Alwyn who gave them a tour of the synagogue and told them about the Jewish faith and the Jews in Ireland. Overall it was a pleasant way to learn about another faith.
Dráma Raidió agus Bliain 4 i mBun Ceirde
Thapaigh daltaí an dráma raidió deis iontach le déanaí nuair a thaifeád siad an dráma féin scríofa i Rua Red le déanaí. Le cúnamh ón aisteoir Phil Kingston d'fhoghlaim na daltaí conas mar a thagann drámaí raidió le chéile agus conas mar a oibríonn na háiseanna fuaime. Maith sibh! Ba mhian linn buíochas a ghabháil le Phil, Patricia (Rua Red) agus Margaret Bentley (Leabharlann Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas) as ucht an deis agus a gcuid tacaíochta. Beidh an dráma le cloisteáil ar shuíomh www.ruared.ie nó www.futurefm.ie nuair atá lámh chalma an eagarthóra críochnaithe leis.
TY students rose to the challenge when they got the opportunity to record a self-penned drama in Rua Red recently. With the help of the actor Phil Kingston the students learned how radio drama's come together and how the sound facilities work. Well done all! We would like to thank Phil, Patricia (Rua Red) and Margaret Bentley (South Dublin County Council) for the opportunity and all of the support. The drama will be available online from www.ruared.ie or www.futurefm.ie when the brave hand of the editor is finished with it.
Ealaín (Art)
D'fhreastal daltaí bliain a 6 ar thaispeántais ealaíne ar an 3/2/11 san ionad ealaíne Rua Red i dTamhlacht. Bhí saothar de chuid Mary Burke ar thaispeáint ann . Bhí Imagined Spaces mar theideal ar an taispeántais. Beidh na daltaí ag freastail ar taispeántais ealaíne ar an 16/2/11 chuig an Hugh Lane.
Tá na taispeántaisí seo an tábhachtach toisc go ndírínn siad ar an gceist a thagann aníos sa scrúdú Stair agus léirthuiscint na healaíne. An téarma seo tá daltaí ag obair ar thionscnamh priontáil agus tógáil. D'éirigh go maith leo agus beidh na torthaí míosúla bunaithe ar an obair atá déanta acu.
Beidh na daltaí ag díriú ar theoirim dhath sa chéad tionscnamh eile.
The sixth year Visual Art students visited an art exhibition in the Local Arts centre Rua Red on the 3/2/11.The work of Mary Burke was on display. The Title of the exhibition is "Imagined Spaces" The students will also attend another exhibition in the Hugh Lane Gallery on the 16/2/11.
Both exhibitions are focusing on the history and appreciation of Art. This exhibition is very important for the exam which will take place this Summer.
This term students have been working on both printing and construction projects. Next term students will begin focusing on colour theory.