Main menu:
Nuachtlitir/ Latest News > Nuachtlitir 2011
Nuachtlitir Meán Fómhair ‘11
Tá fáilte romhaibh ar fad ar ais tar éis Saoire an tSamhraidh. Tá súil agam gur bhain sibh ar fad taitneamh astú! Ba mhaith liom an deis seo a thapú fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh gach dalta agus tuismitheoir nua atá againn i mbliana. Tá muid an-sásta go bhfuil sibh linn agus tá súil againn go mbainfidh sibh ar fad taitneamh agus tairbhe as na blianta atá romhainn i gColáiste de hÍde.
Ba mhaith linn leis fáilte faoi leith a chur roimh na Múinteoirí nua: Stiofán Ó Mordha, Eimear Ní Mháirtín, Tania Ni Theimhneáin agus Edel Ní Dhomhnaill.
You are all welcome back after the summer break. I hope that you all enjoyed it! I would like to take this opportunity to welcome all of our new students and parents. We are all delighted to see you here and we hope that you all enjoy and benefit from our future years here together in Coláiste de hÍde.
We would also like to take this opportunity to welcome new staff members, Stiofán Ó Mordha, Eimear Ní Mháirtín, Tania Ní Theimhneáin and Edel Ní Dhomhnaill.
Fograí.(Notices)
Thosaigh an staidéar stiúrtha don scoilbhliain 2011-2012 ar an 12ú de mhí Mheán Fómhair. Luan, Máirt & Déardaoin 3.30 – 5.00i.n. Áiteanna fós ar fáil. Táillí: €80 Téarma 1
Supervised Evening Study for 2011-2012 commenced on September 12th.
Mondays, Tuesdays & Thursdays 3.30 – 5.00pm. Places still available.
Fees: €80 for Term 1.
OÍCHE EOLAIS / ENROLMENT 2010/2011. Beidh an oíche eolais do thuismitheoirí daltaí bliain 1, 2011/2012 ar siúl sa scoil ar an Máirt, 4ú D.Fómhair ag 7.30i.n.
An Information Evening for parents of the 2011/2012 1 years will be held at 7.30 pm. On Tuesday, 4th October 2011.
CINNIRÍ AN CHOLÁISTE
Gabhaimíd ár gcomhghairdeachas agus ár mbuíochas do chinnirí nua-roghnaithe an choláiste. Tá a gcomhoibriú agus a dtacaíocht ag cur le himeachtaí scoile mar shampla, spórt, ealaín, fograíocht, athchúrsala agus araile.
Congratulations and well done to our newly chosen cinnirí who are improving the quality of activities in Coláiste de hÍde. Cinnirí: Aoife Ni Mhurchú, Ciara Ni Longáin, Heathar ní hEochagáin, Micheál Ó Cinsealach, Cillian Ó Gadhra, Ciaran Polóc, Sorcha Ní Bhearáin agus Aisling Ni Neachtain
Searmanas Bronnta an Bhrait Ghlais
B’ócaid stairiúil i gcoláiste de hÍde an Mháirt 20 Meán Fómhar 2011 nuair a tháinig an Mhéara Caitriona Jones chuig an gcoláiste chun an Brat Glas a ardú ag searmanas álainn i gclós na scoile. D’fhreastal Príomhoidí agus daltaí ó na gaelscoileanna sa cheantar maraon le bord bainistíochta, Coiste na dTuistí, Caitlín mhic Shiacais (Iarphríomhoide), ball de Thaisce, Thomas Carolan, Coiste Glas , Cinnirí, foireann agus daltaí na scoile. Labhair Feargal O Giolláin (Príomhoide), Deiric Mac An Bhaird (Príomhoide Tánaisteach), Adam Ó Dúlain (Coiste Glas), Caitriona Jones (Méara) agus Thomas Carolan (An Taisce). Sheinn grúpa ceoil an choláiste faoi stiúir múinteoir ceoil Eimear Ní Mhairtín . Míle buíochas do chách a chabhraigh ar an lá ach go háirithe do Evelyn Uí Dhaibhéad a d’ullmhaigh na sóláistí.
It was an historic occasion in Coláiste de hÍde 20 September 2011 when the Mayor of South Dublin County Council raised the Green Schools “Green Flag” at a lovely ceremony in the school grounds. The occasion was attended by the principals of the local Gaelscoileanna as well as the Bord of Management, Clair Uí Mhurchú Parents Association, Caitlín Mhic Shiacais (former principal), member of An Taisce Thomas Carolan, Coiste Glas, staff and students. The speakers included Feargal O Giolláin (Príomhoide), Deiric Mac An Bhaird (Príomhoide Tánaisteach and Green Schools co ordinator), Adam Ó Dúlain (Coiste Glas), Caitriona Jones (Mayor SDCC) and Thomas Carolan (An Taisce). Thanks to all who helped make the day a success especially to Evelyn Uí Dhaibhéad who prepared the refreshments.
Seachtain an Chairdis
Bhí 'Seachtain an Chairdis' ar siúl an tseachtain (19ú-23ú MF) sa scoil agus bhí béim curtha ar na téamaí 'Cairdeas' agus 'Frithbhulaíocht' lastigh agus lasmuigh do na ranganna. Bhí dhá dráma ar siúl‘Stand & Speak’ is 'Alone'- d’éirigh go maith leo seo. Bhí imeachtaí eile ar siúl do bhliain 1 tráthnóna Máirt agus tráthnóna Aoine. D'eagraigh daltaí na hidirbhliana tráthnóna cluichí dóibh agus rinne siad Torraíocht Taise le daltaí bliain 5. Bhí ceardlann frithbhulaíochta ar siúl ag bliain 2 dé Máirt leis an ghrúpa 'Sticks and Stones' agus d'éirigh go hiontach leo.
The annual ‘Friendship Week' was organised in the school (19th-23rd Sep) in which there was a special emphasis placed on friendship and anti-bullying, both inside and outside the classes. On Monday and Tuesday, there were two drama performances from a visiting theatre group entitled 'Stand & Speak’ and 'Alone’ which were enjoyed by all. Other events for 1st years included a 'games afternoon' organised by TY students, a treasure hunt with 5th years and the 'cool schools class project'. The 2nd year’s participation in an anti-bullying workshop with the 'Sticks and Stones' group was another highlight of 'friendship week 2011'.
An Idirbhliain. (TY)
Cuireadh tús spleodrach leis an Idirbhliain le turas neartú foirne chuig ÁthLuain. Bhreathnaíomar go hiontach sna wetsuits agus muid ag rámhaíocht ar fud Loch Rí. Fliuch báite ach sona sásta. Thug dream ealaíonta faoi cheardlann ar Ardchrosa na hÉireann i mBeairicí Uí Choiléain tar éis torthaí an TS a fháil – comhghairdeas mór libh ar fad
Thug na Gardaí caint iontach dúinn faoi shaol an Gharda Pobail. Suimiúil. Thug Dolores an-chabhair dúinn conas muid féin a chur in iúl do phost, rud atá iontach agus an taithí oibre ag teacht suas an tseachtain seo. Tá an gáirdín faoi smacht arís tar éis saoire an tsamhraidh – neart ag fás = neart oibre! Bhauileamar an Clog do Chomhdháil Chorp Chríost ullamh agus ansin thógamar suas chuig Séipéal N. Aonghusa. Thug an tráthnóna cairdis deis dúinn aithne a chur ar bhliain1. Grúpa an-deas. Samhlaigh bhíomar chomh hóg sin tráth.
Neart nuachta eile le teacht an mhí seo chugainn!
We started the year with a great splash in Hodson Bay rowing around Lough Ree in canoes, curraghs and rafts in fetching wetsuits. Drenched but deadly fun. An artistic crowd of us did a workshop on the High Crosses of Ireland in Collins Barracks – fair play to those who turned up the day after the Junior Cert results came out. Congratulations all around on the results.
The Community Guard came in and enlightened us on his role in the community and the Gardaí in general. Very Interesting. Dolores came in to groom us for the world of work, which was very interesting as work experience starts next week. The Garden also got a grooming after a long summer. Lots of work to do there. We had the opportunity to ring the actual bell for the Eucharistic Congress 2012 and then brought it up to St Aonghus’s church. The Friendship Afternoon with the First Years was a great success. Good to get to know them and who can believe we were that young once.
Lots more news next time!
Oíche Fháiltiú Bliain 1
Bhí Searmanas fáilte ann ar an Mháirt 20 Meán Fómhair do dhaltaí bliain 1 agus a dtuismitheoirí chun tús oifigiúil a chur lena saol scoile i gColáiste de hÍde. Labhair Feargal (Príomhoide) Máire ( Ceann Bliana) agus Dáithí (Múinteoir gairmthreoir). D’eagraigh Eimear (Múinteoir Ceoil) an ceol don oíche. Bhronn Cláir Uí Mhurchú seic ó Choiste na dTuistí ar Eamon Ó Duill (An Iarracht is fearr) agus Nikita Ní Mhaolobhair (Ardteist is fearr). (Daltaí Ardteiste 2011)Bhí sóláistí, caint is comhrá againn leis na dtuistí ag deireadh na hoíche
A welcoming evening for 1st years and their parents/guardians was held on Tuesday, September 2oth at 7.30 to officially mark the beginning of their careers in Coláiste de hÍde. There were reading contributions on saints Aonghusa, Lórcán agus Maelruan the names of the first year classes from first years. Feargal , Maire and Daithi spoke and Eimear prepared the music . Cláir Uí Mhurchú presented cheques from the Parents Association to Leaving Certs 2011 Eamon Ó Duill (Greatest effort Leaving Cert) agus Nikita Ní Mhaolobhair (Best Leaving Cert). The new Muinteoirí Ranga of first year Edel Ní Dhomhnaill, Eimear Ní Mháirtín and Seán Ó Murchú were introduced to the parents. The evening ended with refreshments.