Coláiste de hÍde


Go to content

Nuachtlitir D. Fómhair 2010

Nuacht Scoile > Cartlann/Archive 2010

Nuachtlitir Deireadh Fómhair '10.


Fograí.(Notices)

" Beidh an scoil ag dúnadh an Aoine seo 22/10/'10 do shaoire na Samhna (Lá iomlán). Beidh an scoil dúnta ar feadh seachtaine. Osclófar an scoil ar an luan 1/11/'10 is beidh na daltaí ag dul abhaile ag 12.15 ar an Mháirt sin toisc go bhfuil cruinniú foirne ar siúl.
The school will be closing this Friday 22/10/'10 for the Halloween Holidays (Full day). School will be closed for a week. It will re-open Monday 1/11/10 and there will be a half day on Tuesday for a staff meeting.
Tréaslaíonn an scoil le daltaí na hArdteiste agus an Teastas Shóisirigh 2010 de bharr na torthaí a ghnóthaíodar. Táimid thar a bheith sásta agus bródúil astu uilig. D'éirí le Alice Ní Fhearghail 460 pointe a ghnóthú a thuilleann scoláireacht €500 di. Tá sí I NUI Maigh Nuad anois ag déanamh Fisic agus Réalteolaíocht. Tá an scoláireacht eile ar €500 don iarracht is fearr tuilte ag Aoife Ní Mheachair atá ag freastal ar IT Thamhlacht
The school would like to congratulate the 2010 Leaving and Junior Cert students on their achievement. We are very happy with the results and proud of their success. Alice Ni Fhearghail receives the €500 scholarship for the highest points (460). She is studying Astrophysics in NUI Maynooth. The other scholarship for best effort goes to Aoife Ní Mheachair who is studying Forensic Science in IT Tallaght.


Spórt (Torthaí/Results)


Buachaillí Faoi 16 Iomáint/under 16 Hurling
" Coláiste de hÍde 2:7 St. Marks 3:10
" Coláiste de hÍde 7:13 Coláiste Chillian 2:8 (4 chúl faighte ag Barra ó Raghallaigh)
" Coláiste de hÍde 9:13 Coláiste Rosary 3:6 (Fuair Lee ó Briain 2:5 is fuair Barra ó Raghallaigh 4:1)
Eitpheil fé 19/Volleyball
An chéad cluiche eitpheile imeartha ag an scoil i mbliana. Bhí 4 fhoireann ann. Chaill muid i gcoinne St. Mary's (1-2) is Euro Campus (0-2) ach bhí bua iontach againn ar Pobalscoil Port Mhearnóg. (2-1) Great start for the team!

Cispheil/Basketball Girls fé 15

" Coláiste de hÍde 28 Pobalscoil Leamhcán 14
" Coláiste de hÍde 50 Pobalscoil Setanta 16

Peil Faoí 14

" Coláiste de hÍde 4:13 Marian College 6:8.
" Coláiste de hÍde 2:6 Pobalscoil Teach an Ghúise 0:12.


Seachtain an Chairdis

Bhí 'Seachtain an Chairdis' ar siúl an tseachtain (20-24ú MF) sa scoil agus bhí béim curtha ar na téamaí 'Cairdeas' agus 'Frithbhulaíocht' lastigh agus lasmuigh do na ranganna. Bhí dhá dráma ar siúl'Stand & Speak' is 'After and Before' d'éirigh go maith leo seo. Bhí imeachtaí eile ar siúl do bhliain 1 tráthnóna Luain agus tráthnóna Aoine - (msh: tráth na gceist, cluichí, Torraíocht Taise).
The annual 'Friendship Week' was organised in the school (20th-24th Sep) in which there was a special emphasis placed on friendliness and anti-bullying, both inside and outside the classes. On Tuesday, there was two drama performance from a visiting theatre group entitled 'Stand & Speak' and 'After and Before' which was enjoyed by all. Other events included the activities, table quizzes, orientation and the 'cool schools class project'.


An Idirbhliain.(TY)

Comhghairdeas le gach duine ar a gcéad taithí oibre.
D'eagraigh na daltaí Bricfeasta Childine sa scoil an chéadaoin seo chaite. Chuaigh an 2 Euro a d'íoc na daltaí chuig an gcumann carthanachta mar pháirt don 2010 Cheerios Childline Breakfast Together Appeal. Bailíodh €72.70.
The students organised a Breakfast Morning in aid of Childline, with each student who availed of breakfast donating 2 Euro to the worthy charity as part of the 2010 Cheerios Childline Breakfast Together Appeal. €72.70 was raised.


Phil Kingston Stephen James Smith
Ghlac daltaí ón Idirbhliain páirt i ndá cheardlann i Leabharlann an Chontae, Tamhlacht le déanaí. Thosaigh an spraoi amach le ceardlann fhilíochta le file áitiúil, Stiofán Seosamh Mac Gabhann. Ritheann sé The Glór Sessions san International Bar a thugann deis do dhaoine filíocht agus ceol a nascadh ar stáitse. Léirigh Stiofán conas filíocht a léamh agus a thuiscint i slite an chruthaíocht ar fad, rud thar a bheith úsáideach do chúrsa na hArdteiste amach anseo.
Aisteoir agus scríbhneoir é Phil Kingston atá ag obair le Ros na Rún faoi láthair. Ghlac sé páirt i Macbeth in Amharclann na Mainistreach le déanaí. Tá sé ag rith ceardlanna cúig seachtaine le grúpa ón Idirbhliain chun dráma raidió a scríobh agus a léiriú. Bí ag faire anseo.

Students from Transition Year took part in two workshops in the County Library, Tallaght recently. The fun commenced with a poetry workshop with a local poet, Stephen James Smith. He runs The Glór Sessions in The International Bar which gives people a chance to mix music and poetry on stage. Stephen showed the students how to read and comprehend poetry in very creative ways, something that will be very useful for their Leaving Certificate in the future.
Phil Kingston is an actor and writer who is currently working with Ros na Rún and recently took part in the production of Macbeth at the Abbey. Phil is running a five week workshop with the aim of producing and writing a radio drama. Watch this space.

Ealaín 2010/11

Ar an ceathrú lá de Mhí Dheireadh Fómhair chuaigh roinnt daltaí ealaíne ar thaispeántais sa leabharlann áitiúla. Bhí shaothar de chuid Niamh Sharkey ar taispeántais ann. Bhí an ealaíontóir ann, ag labhairt faoi na smaointí agus dearthaí éagsúla ata forbaithe aici san ealaín. D'fhreagair sí ceisteanna éagsúla a bhí ag na daltaí faoi ghréas choiriú graifeach.
Faoi láthair sa rang ealaíne tá na daltaí ag dearadh agus ag tógáil a bpuipéad féin. Tá daltaí bliain a trí tar éis na téamaí ealaíne a fháil. Is féidir leo tús a chuir leis an tionscnamh ealaíne tríd íomhánna agus ábhair a bhailiú a thugann inspioráid dóibh. Tús maith leath na hoibre
On the fourth of October some of the art students from Coláiste de hÍde attended an art exhibition at the local library based on the work of book illustrator Niamh Sharkey. She discussed her art work and design concepts using many examples of her own personal work. She invited the children to look through her work and answered any questions they had in relation to book illustration and graphic Art.

At present the art students are designing and creating their own character and forming a puppet.
The third year students have just received their project themes for the Art Design and Craft Junior Cert Project. They can now begin to collect images and stimulants for their work.

Oíche Fháiltiú bhliain 1

Tharla don dara huair go hoifigiúil ar an Mháirt 21 Meán Fómhar 2010 i gColáiste de hÍde Searmanas Fáilte ár mbliain a haon nua ranganna Bríde agus Náithí. D'fhreastal slua mór ar an searmanas idir bhliain a haon, a dtuistí, a ndeartháireacha, a ndeirfiúracha agus cóir an choláiste faoi stiúir múinteoir ceoil Daithi Ó Drisceoil
Bhí an bhialann maisithe suas ag bliain a haon roimh ré. D'fháiltigh Feargal roimh gach duine agus léirigh daltaí ó ranganna Bríde agus Náithí paidreacha, léachtanna, ceol, amhránaíocht agus smaointí bainteach lena ré nua sa choláiste. Chan an cóir go hálainn ar an oíche agus labhair muinteoirí ranga Marian, rang Bhríde agus Ciaran, rang Náithí faoi chúrsaí scoile. Ansin labhair an múinteoir treoir Daithí Ó Murchú agus an Priomhoide Tánaisteach is Ceann Bliana nua bliain a haon Deiric. Chríochnaigh an oíche le caint, comhluadar is cupán tae.

On Tuesday 21 Meán Fómhair 2010 a large crowd attended a welcome evening for our new first year's ó ranganna ranganna Bríde agus Náithí. Following Feargal`s official welcome our first years presented us with a lovely evening of reflections, readings, music and song. Múinteoirí ranga bliain a haon nua Marian and Ciaran along with Dáithí Ó Murchú (Guidance) spoke on the night. Compliments to the school choir who sang beautifully under the guidance of music teacher Daithí Ó Drioscóil.
Feargal (Príomhoide) and Deiric (Príomhoide Tánaisteach / Year Head) spoke and then the parents were shown scrolls displaying the first years` dreams for the future which will be presented again to parents when their children reach sixth year. Thanks to all who took part especially múinteoirí Stiofáin, Daithí Ó Drisceoil and Feargal who organised the ceremony and the music.


Back to content | Back to main menu