Coláiste de hÍde


Go to content

Nuacht is déanaí - Eanáir 2012

An Idirbhliain (TY)




An Idirbhliain - Eanáir 2012

A Dhaltaí Idirbhliana, a Thuismitheoirí, a chairde,


Athbhliain faoi shéan ‘s faoi mhaise daoibh! Tá súil agam go raibh saoire den chéad scoth agaibh. Tá neart le déanamh againn i mí Eanáir mar sin táimid ag súil go mbeidh gach duine eagraithe agus ullamh chun an tairbhe is fearr a bhaint as na himeachtaí ar fad.

Cúrsa Alpha: Tiocfaidh Jonny Sommervile chuig an scoil gach Luan go dtí an Cháisc chun an cúrsa seo a reáchtáil idir 10:15 agus 12:15. Éide scoile le caitheamh. Bígi cinnte go bhfaigheann sibh aon obair a chailltear ó na múinteoirí. Teastas le fáil.

Cúrsa Traenála CLG: Tiocfaidh Nollaig Ó Riain chun cuid agaibh a thraenáil mar chóitseálaithe idir 10:55 agus 12:15 sa Halla Spóirt. Éide scoile spóirt iomlán le caitheamh. Teastas le fáil. Bígi cinnte go bhfaigheann sibh aon obair a chailltear ó na múinteoirí.

Cúrsa Cinnireachta Feachtas: Beidh 4 sheisiún ann le Liam agus Ursula ó Fheachtas. Tosóidh sé ar an Máirt 10ú. Leanfaidh sé ar an 20ú, 26ú agus 31ú Eanáir agus tabharfaidh sé scileanna pearsantachta daoibh a sheasfaidh libh go deo. Tá spás ann do gach duine. Beidh teastas rannpháírtíochta ag an deireadh. Ina theannta sin, beifear ag lorg cinnirí don bhliain seo chugain go luath, mar sin is deis iontach é. Gnáthéide scoile le caitheamh

Tráthnóna Scíála: 17ú Eanáir. Ag fágáil na scoile ag 12:15 ar bhus chuig Cill Tiarnáin. Ar ais thart fá 15:30. Costas €20 le híoc roimh 13ú Eanáir chun áit a dheimhniú. Beidh foirm ceadúnais faoi leith le líonadh agus tuilleadh eolais roimhré. Beidh tráthnóna scannánaíochta ann agus breithmheas le déanamh ar an scannán don rang NMC d’éinne nach bhfuil ag teacht.

Eolaí Óg: 20ú Éanair tar éis lóin san RDS. Bus ón scoil. Sonraí le deimhniú ag Seán agus Ciarán. Gnáthéide scoile.

Ionad EPIC: 24ú Eanáir Rachaimid ar bhus le chéile isteach chuig an chathair ag am lóin chun páirt a ghlacadh i dtráth na gCeist faoin Eoraip san ionad Eorpach. Níl costas. Gnáthéide scoile.

Club Iarscoile N Dominic: Léirigh cuid mhaith agaibh suim sa scéim seo agus molaim go mór sibh. Beidh lá faoi leith agat agus rachaidh beirt chuig Ionad N Dominic ag am lóin gach Luan nó Déardaoin nó Aoine go dtí deireadh na bliana. Beidh ionadaí ar eagla go bhfuil duine den bheirt tinn. Féach an róta crochta ar na gclár bhfógraíochta.

Ag múineadh Ríomhaireachta do sheanóirí: Ar feadh 4 thráthnóna Luain, rachaidh 3 agaibh suas chuig Ionad N. Dominic chun scileanna ríomhaireachta a mhúineadh do sheanóirí ar ríomhairí glúine úrnua. Ainmneaofar ionadaí ar eagla go bhfuil duine den triúr tinn. Daoine fós ag teastáil don dara agus tríú babhta.

Cainteoir ó gComhairle na dTeifeach- dáta le socrú fós. Costas €2 an duine toisc gur carthanacht é.

Taithí Oibre coicíse fiúntach le lorg. Is fiú daoibh tús a chur le post a lorg muna bhfuil ceann faighte agaibh cheana.

Le meas,

Evelyn

Happy New Year to you all! I hope you had a lovely holiday. Plenty to do this January, therefore we hope that you will all be organised and prepared to get the maximum benefit from all the events.

Alpha Course: Jonny Sommerville is coming to the school every Monday up until Easter to run this course between 10:15 and 12:15. Uniform to be worn and make sure you catch up on any regular class work that you miss. Certificate issued on completion.

GAA coach training course: Nollaig ó Riain is coming to train you as coaches between 10:55 and 12:15 in the Sports hall. School sport uniform to be worn and make sure you catch up on any regular class work that you miss. Certificate issued on completion.

Feachtas Youth Leadership skills course: Liam and Ursula from Feachtas will run this course over four session on the 10th, 20th, 26th and 31st March for two class periods each session. It will develop personal skills that will stand to you for life and it is an opportunity for everyone. Uniform to be worn. Certificate issued on completion. The school will be looking for Cinnirí for next year, so it is a great chance.

Skiing Taster session: 17th January leaving school at 12:15 on the bus to Kilternan and we will be back at approx 15:30. Cost €20 to be paid before the 13th Jan to confirm your place. More information and a consent form to follow. Anyone who does not wish to come will participate in a Film afternoon and review session for the NMC class.

Young Scientists Exhibition: 20th Jan after lunch in the RDS. Seán and Ciarán will confirm the details. School uniform to be worn.
EPIC Centre: On 24th Jan, we’ll travel by bus together at lunch time to participate in a table quiz on the EU. No cost. School Uniform to be worn.

St. Dominic’s Homework Club: Quite a few of you have registered an interest in this, fair play. You and a colleague will have one afternoon a week there after lunch. See the rota on the clár fógraíochta.

Computer Skills for Seniors: For four consecutive Monday afternoons, 3 of you will go to St Dominics Centre and teach computer skills to seniors. Volunteers still required for the second and third sessions.
Guest - speaker from the Refugee Council - tbc. €2 donation

Don’t forget to find Fortnight of work experience. Start looking for one, if you havent already found on and make an appointment to see me or Daithí and the database if you are having difficulties.

Beir bua,
Evelyn


Back to content | Back to main menu