Is Coláiste
Pobail LánGhaeilge é Coláiste de hÍde
a fheidhmníonn faoi stiúir Choiste
Gairmoideachais Chondae Átha Cliath. Is scoil ilchreidmheach
chomhoideachasúil í. Múintear na hábhair
tré Ghaeilge agus bíonn an caidreamh idir
mhúinteoirí agus daltaí tré
mheán na Gaeilge. Bunaíodh an scoil i 1993
le beirt dhalta is tríocha agus tá 250 dalta
sa scoil faoi láthair.
Ainmníodh an scoil féin i
ndiaidh Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán
na hÉireann, duine mar is eol daoibh a bhí
leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá
leis teanga na Gaeilge. Tá
sé mar aidhm againn i gColáiste de hÍde
an bóthar a réiteach do gach aon dalta a lánacmhainn
a bhaint amach le héascaíocht, go hintleachtúil,
go fisiciúil, go spioradálta, go cultúrtha,
go sóisialta agus go mothálach tré
mheán na Gaeilge. Déantar
iarracht ar leith ins an scoil féiníomhá
dearfach a chothú i ngach aon duine, maille le meas
a chothú iontu do gach duine, dá dtimpeallacht
agus dá bpobal.
|