| Is foirgneamh nua-aimseartha
den scoth é an scoil seo atá suite in
áilleacht Pháirc Thigh Motháin.
Tá áiseanna den uile chineál
sa scoil. Tá seomraí eolaíochta,
seomra taispeántais, seomra ealaíne,
seomra adhmadóireachta, seomra miotalóireachta,
teanglann, seomra ríomhaireachta agus leabharlann
againn. Ina theannta sin, tá halla spóirt
ollmhór againn agus é feistithe amach
go hiomlán.
|